SULJE VALIKKO

avaa valikko

An Leabhar Nimhe: Scealta Agus Aistriuchan
47,90 €
Evertype
Sivumäärä: 118 sivua
Asu: Pehmeäkantinen kirja
Julkaisuvuosi: 2012 (lisätietoa)

Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach.

"Cuitiliú": An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh.

"Scairt na Réalta": D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air.

"An Leabhar Nimhe": Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann.

"Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen" atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin.

"Paappana, nó Ceol Erkki Santanen": Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar.

Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol.

Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in "An Gael", iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Tuotetta lisätty
ostoskoriin kpl
Siirry koriin
LISÄÄ OSTOSKORIIN
Tuotteella on huono saatavuus ja tuote toimitetaan hankintapalvelumme kautta. Tilaamalla tämän tuotteen hyväksyt palvelun aloittamisen. Seuraa saatavuutta.
Myymäläsaatavuus
Helsinki
Tapiola
Turku
Tampere
An Leabhar Nimhe: Scealta Agus Aistriuchanzoom
Näytä kaikki tuotetiedot
Sisäänkirjautuminen
Kirjaudu sisään
Rekisteröityminen
Oma tili
Omat tiedot
Omat tilaukset
Omat laskut
Lisätietoja
Asiakaspalvelu
Tietoa verkkokaupasta
Toimitusehdot
Tietosuojaseloste